Na Babhtaí Ceannais a tháinig roimhe seo

2005

Tharla an chéad chomórtas i Roinn Mhic Giolla Rua ar bhruach Loch Cairlinne.

Curracha dhá shuíochán  Dhúin Fionnachaidh a bhí in úsáid, iad déanta de réir na stíle tradisiúnta le slatóga fite agus ceangailte i bhfráma.

Tugadh iad ó Loch Neacach. Bhí spéis an-mhór á teaspeáint iontu, ní amháin i measc an lucht féachána, ach i measc na n-iomaitheoirí ó Mheiriceá atá ag dul i dtreo úsáid naomhóga  cheithre suíochán níos caoile.

Bhuaigh foirne Anapolis agus Albany an chuid is mó de na comórtais, ach amháin rása na bhfear singil nuair a lig ceangail idir Dick Adair agus Egan Nerich do rámhaí óg Eireannach dul tharstu agus an bua a fháil, an t-aon bhua Eireannach den lá.
  • Torthaí
  • Rása Singil na bhFear
  • Rása Singil na mBan
  • Rása Beirte na mBan
  • Rása Beirte na bhFear     Egan Nerich/ Shane Boyle
  • Beirteanna Measctha    Egan Nerich/Kim McConnelle

2006

Bhog na rásaí isteach go Camloch agus go Canál an Iúir agus mhéadaigh na foirne ó Mheiriceá le Albany Milwaukee agus Philadelphia.

Baineadh úsáid as naomhóga  ceithre suíochán an t-am seo.

Bhuaigh Philadelphia rása singil na bhfear agus scóráil Albany go hard i gcomórtais eile.
  • Rása Singil na bhFear
  • Rása Singil na mBan
  • Rása Beirte na mBan
  • Rása Beirte na bhFear       Dick Adair/Brian Hart
  • Beirteanna Measctha   

2007

Arís, tháinig an comórtas isteach i lár tire, faoi choimirce Chomhairle Inis Ceithlinn agus Uiscebhealaí Eireann, lonnaithe in áit álainn ar abhann an Eirne, go díreach os comhair an chaisleáin.

Fuarthas seans cuairt a thabhairt ar áiteanna speisialta an cheantair, Cáisleán Inis Ceithlinn, Potaireacht Bhéal Leice agus Uaimheanna an áirse Marmair.

I ndiaidh cúpla taismí beaga, tháinig an fhoireann ó Philadelphia in éineacht le grúpa mór ó Albany.

Cuireadh leis an rásaíocht nuair a tháinig foirne ón Fhrainc, ón Ghearmain a thaisteail le foireann ó Chorcaigh, Naomhógaí Corcaigh, foireann ó Ollscoil Cambridge, foirne áitiúla agus ó Scoil Portora.
  • Rása Singil na bhFear   Ollscoil Cambridge
  • Rása Singil na mBan    Cynthia Burke
  • Rása Beirte na mBan Cynthia Burke/Danielle cordier
  • Rása Beirte na bhFear  Portora School
  • Beirteanna Measctha    Dick Adair/ Danielle Cordier
  • Ceathruithe  Albany (D Adair/C Burke/B Frank/B Hart)