Eolas faoi Churracha


Is cuid den oidhreacht, den chultúr, den stair agus den luthchleas é scéal na gcurracha atá chomh haosta leis tír na hEireann féin.

Eascrann an chéad tagairt scríofa do churracha ó pheann Iúil Caesar sa bhliain 100 R.C.,  agus, tráchtann na tagairtí luatha Gaelacha do churracha móra seoil a théadh ar an aigeán Atlantach Thuaidh. Ach ní amháin ar an fharraige a sheolfaí na curracha. Tá cuntas scríofa ón bhliain 1602 go ndéarnadh curracha a thógáil go gasta ag an taoiseach Gaelach ó Súileabháin Béara, agus gur thrasnaigh sé abhann na Sionnainne faoi dheifir iontu agus é ag éalú ó airm an Iarla Thuamumhain.

Is cosúil go dtéann stair na gcurracha i bhfad siar sa stair, ach níor tháinig athruithe móra ar dhéantúsaíocht na mbád sin i gcaitheamh na blianta fada siar. Déantar de chanbhás iad sna linne seo, ach sa tseanam, rinne na saoir bád iad as chraiceann ainmhí a d’fháiscfaí thar chreatlach comhdhéanta de shlisneacha adhmaid. Rinneadh iad a ramhadh le maidí rámha gan liáin orthu.

De réir an tseanchais, rinne Naomh Breandán turas thar an Aigeán Atlantach i gcurrach tuairim is naoi gcéad bliain roimh thuras Chríostóir Colóimb, agus ceithre céad bliain roimh thurais na núigingeach!

Tráchtann Breandán ar an chuairt a rinne sé go dtí tír ollmhór trasna an Aigéin Thiar (Newfoundland) agus faoi abhann mhór dóthrasnaithe (Abhann an Mhississipppi?).

Más fíor é, Eireannach a bhí ar an chéad duine eorpach a tháinig i dtír ar chósta Mheiriceá  i gcurrach!

Tá an currach ar cheann de na siombail is romansúla d’Eireann agus é aitheanta ag daoine ar fud an domhain. Tá ceann acu ar crochadh ó shíleáil thigh tábhairne Uí Fhlaithearta i New Orleans mar chuimhne ar shaol níos séimhe in Eirinn.

Rinne Breandán ó Luachráin, iar-uachtarán an Chumainn Ceiltigh athchoimrú ar thábhacht an churraigh mar seo :
Is ionann an currach agus éire, is ionann é agus farraigí na hEireann, is ionann agus an teanga Ghaeilge. Ní amháin go mbíodh an currach mar ghléas iompair ag iascairí agus ag lucht turais thar na blianta, ach, iompraíonn sé leis an stair, an cultúr agus an mhistéir a bhaineann le tír ársa na hEireann.